Tá deireadh curtha ag an Taoiseach don lá inniu lena stocaireacht ar phobal na hÉireann sa Bhreatain, tar éis an ionsaí caite agus sáite a rinneadh ar maidin ar Jo Cox, an feisire pairliminte as iarthar Yorkshire.

Ionsaíodh í i mbaile Birstall gar do Leeds í, agus í ag réiteach dá clinic rialta do bhaill an phobail.

Tá an stocaireach curtha ar atráth freisin ag lucht na bhfeachtas Leave agus Remain, mar chomharth tacaíochta don MP.

Ina ráiteas mar Aire Gnóthaí Eeachtracha, dúirt Charlie Flanagan TD gur chuir sé uafás air gur ionsaíodh Jo Cox go brúidiúil agus í  i mbun a fhreastail ar phobal a thoghcheantair.

Níos luaithe, bhí an Taoiseach i láthair ag slógadh i Learpholl nuair a dúírt sé gurb é an reifreann ar bhallraíocht san Aontas Eorpach an tseachtain seo chugainn, an vóta is tábhachtaí in imeacht 50 bliain.

Bhí an ócáid seo ag tús cuairt dhá lá ar an mBreatain lena áitiú ar phobail Éireannacha ansiúd vótáil ar son fhanacht san Aontas Eorpach sa reifreann ar bhallraíocht an tseachtain seo chugainn.

Níl a fhios fós an bhfánfaidh An Taoiseach thall nó an bhfillfidh sé ar Éirinn. I measc na n-imeachtaí a bhí beartaithe bhí cruinniú mullaigh de chuid Chomhairle na Breataine-na hÉireann i nGlaschú.

Sular tharla ionasí an lae inniu, bhí comh-phreasócáid beartaithe ag an Taoiseach agus an Príomh-Aire maidin amárach, ach cuireadh é seo ar ceal. Tuigtear go ndearnadh seo de bharr an bhrú atá ar David Cameron an oiread leasa is féidir a bhaint as laethanta deiridh an fheachtais.

Déardaoin an 23 Meitheamh é lá na vótála sa Bhreatain.