Tá na húdaráis ag ceistiú Noor Salman, beanchéile Omar Mateen, an fear a rinne an sléacht i gclub oíche in Orlando, Florida trí lá ó shin.

Tá na meáin ansin ag tuairiscí go bhfuil ard-ghiúiré á dtionól chun Noor Salman a cheistiú, giúiré a shocródh an bhfuil dóthain fianaise ann chun Noor Salman a chur ar a trial.

Tá lucht fiosraithe ag iarraidh a fháil amach cad go díreach a bhí ar eolas ag Noor Salman faoi phlean a fir chéile chun ionsaí marfach a dhéanamh ar chlub oíche Pulse.

Tuairiscítear gur ndúirt sí le póilíní gur áitigh sí ar Omar Mateen gan an t-ionsaí a dhéanamh.

Deir foinsí slándála go mb'fhéidir sé go gcúiseofaí Noor Salman faoi bhaint a bheith aici leis an eachtra lámhaigh is measa a tharla i Meiriceá le cuimhne na ndaoine.  

Deir lucht fiosraithe nach bhfuil aon fhianaise fós ann go raibh aon cheangal ag Omar Mateen i dteagmháil le grúpaí ar nós IS cé go ndúirt sé i nglaoch gutháin sular maraíodh é go raibh sé dílis don Stát Ioslamach mar a thugtar orthu. 

Ní nach ionadh tá dlíthe gunnaí agus srianta ar inimircigh chun tosaigh arís sa díospóireacht pholaitiúil.

Cháin Uacharán Mheiriceá Barack Obama, Donald Trump faoi go bhfuil sé ag moladh cosc a chur ar Mhoslamaigh teacht go Meiriceá ach i North Carolina aréir chuaigh Donald Trump ar an ionsaí.

Tábharfaidh an tUachtarán Barack Obama cuairt ar láthair na tubaiste in Orlando amárach.