Cuireadh tús i mBéal Feirste inniu le fiosrúchán faoi eachtra inár maraíodh deichniúr oibrí Protastúnach i gContae Ard Mhacha i Mí Eanáir 1976.
Bhí an sléacht a rinneadh i gceantar Mhuilte Caing i gContae Ard Mhacha ar cheann de na heachtraí uafáis is mó cáil 'sna Trioblóidí.
Ag 5.20 ar an 5ú lá de mhí Eanáir 1976 d'fhág mionbhus d'oibrithe Protastúnacha a monarcha i nGleann Anna i gContae Ard Mhacha le filleadh abhaile go dtí An tSruthán.
Ar bhealach cúng tuaithe i mbaile fearainn Mhuillte Chaing stop buíon de fhir ghunna an bus agus hordaíodh do na fir éirí amach.
Fiafraíodh dóibh cén creideamh a bhí acu.
I ndiaidh cead a chinn a thabhairt don aon Chaitliceach amháin a bhí ina measc, Richard Hughes, maraíodh deichiúr eile.
Ba é Alan Black as An tSruthán i gContae Ard Mhacha, an t-aon duine a tháinig slán as an eachtra.
Scaoileadh urchair leisean ach luí sé sa díog agus é gortaithe go holc.
Ar an gcéad lá den bhfiosrúchán cróinéara i mBéal Feriste inniu léigh an t-abhcóide Sean Doran ar son an chróinéara, ainmneacha agus aoiseanna an deichiúr a maraíodh amach.
Rinne sé a chomhbhrón lena dteaghlaigh a bhí láthair sa chúirt.
Ansin léigh sé cuntas a thug an bheirt a tháinig slán ag an am, Richard Hughes, a fuair bás i 2006 agus Alan Black atá 72 blain d'aois agus a bhí sa chúirt ar maidin.
Grúpa darbh ainm an Republican Action Force a mhaigh ag an am gurb iad a bhí freagrach.
Creidtear gur ainm eile don IRA a bhí anseo.
Níor ciontaíodh aon duine ariamh as an ionsaí.
Ainneoin nár admhaigh an tIRA riamh gurb iad a bhí freagrach, i 2011 chuir an An Fhoireann de Fhiosrúcháin Stairiúla an milleán orthu, foireann stáit a d'fhiosraigh go leor eachtraí den chinéal céanna ó na Trioblóidí.
Tharla an marú i Muilte Chaing díreach ceithre huaire is fiche i diaidh gunnadóirí dílseacha seisear Caitliceach a mharú sa cheantar céanna i ndeisceart Ard Mhacha .
I 1978, dhá bhliain i ndiaidh mharú Mhuilte Chaing thug coiste cróinéara rialú oscailte faoin eachtra, gur bhain amhras leis an marú ach nach raibh a fhios cé a bhí freagrach.
I 2013 d'ordaigh Ard-aighne an Tuaiscirt fiosrúchán nua faoin eachtra i ndiaidh go leor achainí ó ghaolta na ndaoine a maraíodh.
Dúirt an tAbhcóide Doran gur theastaigh ón Chróinéar aghaidh a thabhairt ar ráflaí go mb'fhéidir gurb é an Captaen Robert Nairac an duine i measc na bhfear gunna an uair sin a rabh canúint Shasanach air.
Dúirt an tAbhcóide Doran nach raibh an Captaen Nairac sa Tuaisceart ar an dáta sin.
'Siad an deichniúr a maraíodh ná John Bryans, Robert Chambers, Reginald Chapman, Walter Chapman, Robert Freeburn, Joseph Lemmon, John McConville, James McWhirter, Robert Samuel Walker and Kenneth Worton.
Níor ciontaíodh aon duine ariamh as an sléacht.
Mairfidh an fiosrúchán cróinéara seo cúig seachtainí i mBéal Feirste.