Sa bhFrainc dhiúltaigh Salah Abdeslam ceisteanna a chuir breithiúna frith-sceimhlitheoireachta air a fhreagairt.
Sé Abdeslam is mó atá faoi amhras maidir leis na hionsaithe sceimhlitheoireachta a deineadh i bPáras mí na Samhna seo caite ina maraíodh 130 duine.

Amharclann an Bataclan inar maraíodh níos mó ná 80 duine
Creidtear gurb é Abdeslam, atá 26 an t-aon duine den ghrúpa mílisteach a rinne na hionsaithe ar éirigh leis na cosa a thabhairt leis.
Gabhadh sa mBruiséal é i mí Márta tréis dó bheith ar a theitheadh ar feadh cheithre mí.