Bliain i ndiaidh do 62% de phobal na tíre vóta a chaitheamh i reifreann a cheadódh pósadh aon-ghnéis, léiríonn figiúirí na Roinne Coimirce Sóisialaí gur phós 412 lánúin aon-ghnéis ó mhí na Samhna 2015.
Bhí níos mó ná leath dóibh san i mBaile Átha Cliath le 213 lanúin ag pósadh san Ard-Chathair faoi Acht an Phósta 2015.

Sluaite ag céiliúradh toradh an reifrinn um phósadh aon-ghnéis i gCaisleán Bhaile Átha Cliath 23ú Bealtaine 2015
Cláraíodh 43 pósadh i gCorcaigh, 25 i Luimneach agus 17 i gCill Mantáin.
Bhí Contaethe Cheatharlaigh, Liatroime agus Muimhneacháin ina measc siúd leis an líon is ísle le pósadh aonair cláraithe acu.
Sé Contae an Chláir an t-aon Contae sa tír nár cláraíodh aon phósadh aon-ghnéis go fóill.
