Tá a mbínse tosaigh ainmnithe ag Fianna Fáil. 21 Teachta Dála ar fad atá ainmnithe agus aon Seanadóir amháin.
Is é ceannaire an pháirtí Micheál Martin atá ina urlabhraí ar an Tuaisceart. Tá Michael McGrath fanta ina urlabhraí airgeadais agus Billy Kelleher ina urlabhraí sláinte.
Is é an Teachta Dála nuathofa Jim O'Callaghan a bheas ina urlabhraí dlí agus cirt ag an bpáirtí feasta. Tá Niall Collins aistrithe go poist, fiontar agus nuálaíocht.
Beidh an Teachta Dála John Lahart ina urlabhraí ar Bhaile Átha Cliath agus Niamh Smyth ina hurlabhraí ar ealaíon agus chultúr.
Tá Niamh Smyth i measc ceathrar ban ar bhinse tosaigh Fhianna Fáil.
Níl na Teachtaí Dála John McGuinness ná Seán Fleming ainmnithe ar an mbinse tosaigh.