skip to main content

"Níl aon chiall go ndáilfeadh dochtúirí teaghlaigh cógais"-IPU

"Níl aon chiall go ndáilfeadh dochtúirí cógais"-IPU
"Níl aon chiall go ndáilfeadh dochtúirí cógais"-IPU

Deir Aontas Cógaisíochta na hÉireann (IPU) nach bhfuil aon chiall le moladh ó dhochtúirí teaghlaigh go ndáilfeadh siad féin cógais.

"Bheadh impleachtaí ann do shábháilteacht othar" a deir an IPU.

Tá Cumann Náisiúnta na nDochtúirí Teaghlaigh ag iarraidh ar a mbaill a bheith in ann cógais choitianta a dháileadh ar othair iad fhéin.  

Deir an IPU áfach go bhféadfaí sábháilteacht othar a chur i mbaol dá mbeadh dochtúirí ag dáileadh na gcógas.