Tá an comhlacht IKEA le 30 post a chruthú i gCo.Bhaile Átha Cliath.
Tá an dara stór á oscailt ag IKEA i gCarraig Mhaighin i ndeisceart an chontae.
Tuigtear go n-osclófar an stór sin níos deireanaí an Samhradh seo.
Beidh custaiméirí in ann earraí a ordú agus a bhailiú sa siopa nua seo.
Is i mBaile Munna i dtuaisceart Cho.Bhaile Átha Cliath atá a stór ag IKEA faoi láthair.