skip to main content

Féile Scannán Chorcaí i mbaol 'de bharr easpa airgid'

Féile Scannán Chorcaí i mbaol
Féile Scannán Chorcaí i mbaol

Tá Féile Scannán Chorcaí - an fhéile scannán is fadbhunaithe sa tír - i mbaol de bharr easpa airgid, a deir lucht a heagraithe.

Tá 200,000 euro á lorg ar bhonn práinne  ar Chomhairle Cathrach Chorcaí ag lucht na féile.

Tá an t-iarratas á phlé ag cruinniú idir lucht na féile agus coiste ealaíne na Comhairle inniu.