skip to main content

Joan Burton ag éirí as mar cheannaire Pháirtí an Lucht Oibre

Joan Burton ag éirí as mar cheannaire Pháirtí an Lucht Oibre
Joan Burton ag éirí as mar cheannaire Pháirtí an Lucht Oibre

Tá an t-Iar Thánaiste, Joan Burton, chun éirí as ceannaireacht Pháirtí an Lucht Oibre chomh luath is a thoghfar ceannaire nua.

Thug sí an méid seo le fios ag cruinniú de Theachtaí Dála an Pháirtí i mBaile Átha Cliath tráthnóna.

Ag preasócáid i ndiaidh an chruinnithe, dúirt Joan Burton go raibh iarrtha aici ar bhord feidhmiúcháin an pháirtí tús a chur leis an bpróiseas chun ceannaire nua a thoghadh.

Dúirt sí cé gur údar díomá a bhí i dtorthaí an olltoghcháin go raibh an páirtí tosnaithe ag teacht chuige féin. 

Chaill an Páirtí 30 suíochán san Olltoghchán I Mí Feabhra. 

7 Teachtaí Dála ar fad anois atá ag Páirtí an Lucht Oibre sa 32ú Dáil.

Meastar go bhfuil suim ag leas-cheannaire an Pháirtí Alan Kelly agus ag Seán Sherlock sa phost.

Tá suim léirithe ag Brendan Howlin sa phost muna mbeidh comórtas ann. 

Dúirt Iar-cheannaire an Pháirtí, Pat Rabbitte, go mbeadh Brendan Howlin mar chéad rogha aige féin.