Is ar TG4 a bhronnfar Buaic-Ghradam Chumarsáide an Oireachtais i mbliana, chun Comóradh a dhéanamh ar Scór bliain an stáisiún agus chun aitheantas a thabhairt don tSár-Sheirbhís Craolacháin atá á Soláthar aige i rith an ama sin.  

Is é Uachtarán na hÉireann, Micheal D Higgins, a bhronnfas an Gradam ag Searmanas Bronnta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais i nGaillimh, ar an hAoine seo chugain.

Craolfar leagan speisialta de Nuacht TG4 ó láthair an tSearmanais ar an Aoine sin 7pm.