Ghlac an Taliban freagracht as an mbuamáil inniu i Kabul, príomhchathair na hAfganastáine.
Maraíodh ar a laghad 28 duine san ionsaí, agus gortaíodh breis is 300.
Ionsaí buamála a bhí i gceist ar fhoirgneamh rialtais, shéid an buamálaí é féin san aer freisin.
Tharla an t-ionsaí ag buaic-am na tráchta ansin ar maidin.
Ionsaí ar fhoirgneamh rialtais a bhí anseo
Tá an Taliban ag láidriú arís san Afganastáin ó tharraing na fórsaí idirnáisiúnta amach as an tír i 2014.
D'fhógair sé ionsaithe shéasúr an Earraigh ansin an tseachtain seo caite agus é mar aidhm aige rialtas na tíre sin a chur de dhroim seoil.
.