skip to main content

Cúiteamh á lorg ag triúr ban óga faoi thragóid Berkeley

Cúiteamh á lorg faoi thragóid Berkeley
Cúiteamh á lorg faoi thragóid Berkeley

Tá na mná óga a raibh an t-árasán ar cíos acu inar thug an bhalcóin uaidh i mBerkeley i gCalifornia ag cur an dlí ar úineirí agus lucht bainistíochta an árasáin.

Maraíodh seisear agus gortaíodh seachtar eile daoine óga de bharr na tragóide.

Tá an triúr ban - Caroline Mary Conlan, Cliodhna Clare Maloney agus Aisling Mary Tallon - ag lorg cúitimh ar an mbonn gur tharla drochchorraí intinne dóibh de bharr na tragóide.

Thug an triúr ban le fios le gairid i gcáipéisí a chuir siad faoi bhráid na cúirte i gCalifornia go ndeachaigh siad féin isteach san árasán den bhalcóin díreach sular thug sé uaidh.