Maíonn an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go bhfuil diaibéiteas ar dhuine as gach aon duine dhéag.
Deirtear i dtuarascáil nua ón eagraíocht go bhfuil a cheithre oiread ag fulaingt leis an ngalar anois ná a bhí 36 bliain ó shin.
108 milliún duine a bhí tugtha don ghalar sa bhliain 1980, ach 422 milliún a bhí i gceist in 2014. Is diaibéiteas chineál 2 is mó atá i gceist san ardú.
Sa tír seo, áirítear diaibéiteas a bheith ag dul do 226,000 duine. Deir saineolaithe nach bhfuil a fhios ag go leor daoine go bhfuil sé orthu.