skip to main content

Cháin an Pápa Proinnsias an eachtra buamála sa Phacastáin a mharaigh 70 duine ar a laghad inné

An Pápa Proinnsias ag cáineadh údaráis na Pacastáine agus na buamálaithe a mharaigh níos mó ná 70 duine i Lahore inné
An Pápa Proinnsias ag cáineadh údaráis na Pacastáine agus na buamálaithe a mharaigh níos mó ná 70 duine i Lahore inné

Cháin an Pápa Proinnsias buamálaithe Ioslamacha a ghlac freagracht as an mbuamáil i Lahore na Pacastaine inné, a mharaigh níos mó ná 70 duine, go leor acu arbh Críostaithe iad.

D'éiligh sé go gcosnódh na húdaráis na reiligiúin mionlaigh sa tír. 

Ag labhairt dó leis na mílte oilithrigh i gCearnóg Pheadair sa Vatacain ar maidin, dúirt an Pápa go bhfuil fuil na gCríostaithe a maraíodh ar na húdaráis sa Phacastáin.