Tugadh le fios san Ard-Chúirt inniu go bhfuil €217,000 caillte ag Óstán an Regency i nDroim Conrach i mBaile Átha Cliath ó tharla dúnmharú ansin ag tús na míosa seo caite.
Ba é stiúrthóir ghrúpa óstáin an Regency James McGettigan a thug an méid sin le fios sa chúirt inniu. Is as Cill Mhic Réanáin, Co Dhún na nGall, muintir McGettigan a bhfuil óstáin acu ar fud na tíre agus thar lear.
Cuireadh go leor imeachtaí ar ceal san óstán trí réalt i ndiaidh dhúnmharú David Byrne ar 5 Feabhra, a dúirt James McGettigan. Tá eagla anois air go bhfuil dea-chlú an óstáin scriosta dá bharr, a dúirt sé. Tá an t-óstán agus postanna na n-oibrithe ansin i mbaol, a dúirt sé freisin.
Rinne James McGettigan iarratas sa chúirt ar chomhlacht árachais an óstáin Aviva slánaíocht a thabhairt don Regency in éadan caillteanas gnó.
Chuir an Breitheamh Robert Haughton siar an t-iarratas go mí Aibreáin.