skip to main content

Sochraidí an chúigir a báthadh i nDún na nGall ar siúl Déardaoin

Cé Bhun Cranncha
Cé Bhun Cranncha

Adhlacfar i nDoire Déardaoin seo chugainn an cúigear a báthadh i gCo Dhún na nGall arú aréir. Beidh Aifreann na sochraide ar siúl i Séipéal an Teaghlaigh Naofa i mBaile Mhic Robhartaigh.

Bhásaigh Seán McGrotty, 49 bliain d’aois, a bheirt mhac Mark, 12, agus Evan, 8, máthair a chéile Ruth Daniels, 59, agus a hiníon siúd Jodie Lee, 14, nuair a sciorr an gluaisteán a raibh siad ann isteach san fharraige. Bhí an gluaisteán ar fhánán sleamhain ar ché Bhun Cranncha nuair a chuaigh sé isteach san fharraige.


D’éirigh le fear áitiúil iníon óg Sheáin McGrotty a thabhairt slán. Sin í Rioghnach-Ann atá ceithre mhí d’aois. Deirtear go bhfuil bail sheasmhach uirthi in Ospidéal Ollscoile Leitir Ceanainn.

Deir muintir McGrotty agus Daniels go bhfuil siad suaite go mór ag an tragóid. Tá siad an-bhuíoch, a deir siad, as an tacaíocht atá faighte acu ó dhaoine in Éirinn agus thar lear ó tharla an eachtra uafásach.