skip to main content

An Rúis le tarraingt amach as an tSiria

An Rúis le fórsaí míleata a tharraingt amach go hiomlán as an tSiria
An Rúis le fórsaí míleata a tharraingt amach go hiomlán as an tSiria

Tuairiscítear go bhfuil an Rúis lena gcuid fórsaí míleata a tharraingt amach as an tSiria go hiomlán sa dá nó trí lá atá le teacht. 

Inné, dúirt Aireacht Cosanta na Rúise gur sáraíodh an sos cogaidh sa tSiria deich mbabtha le 24 uair an chloig. 

Tuairiscítear gur sáraíodh an sos cogaidh ceithre bhabhta i gCúige Aleppo, trí bhabhta i Latakia agus babtha amháin in Idlib, Homs agus Hama. 

Dúirt Státrúnaí Mheiriceá,John Kerry go gcaithfear an chogaíocht sa tSiria a choiméad ina lánstad.