Tá an tIar-Choimisinéir Eorpach agus an tIar-Aire Rialtais, Richard Burke tar éis bháis.
83 bliain d'aois a bhí sé.
Chaith sé 2 thréimhse ina Choimisinéir Eorpach.
Thogh an Taoiseach, Liam Cosgrave, Fine Gael ina choimisinéir ar dtús é i 1976 agus thogh Taoiseach Fhianna Fáil, Charlie Haughey ina choimisinéir arís é i 1982.
Bhí sé ina Aire Oideachais ó 1973-1977, nuair a bhí Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre i mbun comhrialtais.