Dúradh san Ard-Chúirt innu gur shocraigh Praveen Halappanavar, fear céile Savita Halappanavar, an cás a thug sé in aghaidh Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.
Dúradh sa chúirt gur admhaigh an Fheidhmeannacht go raibh bás Savita Halapannavar éagórach. Bhí cás tugtha ag Praveen Halappanavar i gcoinne na Feidhmeannachta as faillí a dhéanamh i mbás a mhná céile.
Bhásaigh Savita Halappanavar agus í ag súil le leanbh in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh i mí Dheireadh Fomhair 2012. Bhí sí 31 bliain d'aois.
Níor tugadh sonraí an tsocraithe a rinne Praveen Halappanavar leis an bhFeidhmeannacht.