Níor toghadh aon duine ina Thaoiseach sa Dáil tráthnóna. Cé gur ainmnigh na páirtithe éagsúla Enda Kenny, Micheál Martin, Gerry Adams agus Richard Boyd Barrett, ní raibh aon choinne le ceapachán inniu. 

Dúirt an Taoiseach Enda Kenny go n-inseodh sé don Uachtarán Michael D Higgins go bhfuil sé ag éirí as oifig. Dúirt sé mar sin féin go leanfadh sé air sa phost go dtí go dtoghfaí Taoiseach nua. 

Dúirt Enda Kenny freisin go leanfadh an Rialtas dá gcuid dualgas ar son leas mhuintir na tíre idir an dá linn. 

Dúírt sé go mbeadh sé ag dul go Washington thar ceann an Rialtais agus go mbeadh sé páirteach i gComóradh 100 Bliain an Éirí Amach mar a bhí beartaithe. 

Meastar anois go leanfaidh na páirtithe polaitíochta éagsúla agus na Teachtaí Neamhspleácha dá gcuid iarrachtaí rialtas nua a bhunú.

Is é Seán Ó Fearghaíl ó Fhianna Fáil a toghadh ina Cheann Comhairle ar an Dáil. Bhí cúigear san iomaíocht don phost nuair a tháinig an Dáil le chéile ar maidin den chéad uair tar éis an olltoghcháin.

Den chéad uair riamh, is le vóta rúnda a toghadh an Ceann Comhairle. Nuair a chuirtear aistriúcháin san áireamh, is 95 vóta ar fad a fuair Seán Ó Fearghaíl.