Sa Tuirc, tá ceithre bliana príosúin gearrtha ar bheirt ón tSiria maidir le bás cúigir in iardheisceart na Tuirce anuraidh. Fuair siad bás de bharr a mbáite. Bhí Aylan Kurdi, a bhí trí bliana d’aois, i measc na marbh.
Tarraingíodh aird an domhain ar riocht na n-inimireach mí Mheán Fómhair seo caite nuair a taispeánadh grianghrafanna sna meáin de chorp Aylan Kurdi ar an trá. Léiríodh comhbhá ar fud an domhain leis na teifigh.
Bádh Aylan Kurdi, a mháthair agus a dheartháir le linn dóibh a bheith ag taistil i measc grúpa inimireach a bhí ag iarraidh an Ghréig a bhaint amach ar bhád ón tSiria.
Gearradh ceithre bliana agus dhá mhí ar bheirt ón tSiria as smuigléireacht. Fuarthas neamhchiontach iad, áfach, i gcúiseanna a bhain le neamart go raibh bás mar thoradh air.
Ó tharla an eachtra seo anuraidh, tá géarchéim na n-inimireach tar éis dul chun donais san Aontas Eorpach. Tá Uachtarán Chomhairle na hEorpa, Donald Tusk, ar cuairt faoi láthair sa Tuirc. Tá sé ag áitiú ar bhallstáit tuilleadh comhoibriú a dhéanamh lena chéile féachaint le dul i ngleic leis an ngéarchéim. Beidh cruinniú mullaigh de chuid an Aontais Eorpaigh ar siúl dé Luain.