Tá a suíochán caillte ag ceannaire Renua Lucinda Creighton.

I gCuan Bhaile Átha Cliath Theas a bhí an t-iar Aire Fine Gaelach ag seasamh.

Tofa ansin tá Eamon Ryan,Comhaontas Glas,Eoghan Murphy Fine Gael, ar an 7ú comhaireamh araon.

Jim O'Callaghan, Fianna Fáil agus Kate O'Connell Fine Gael a bhuaigh an péire eile, ag dul isteach beirt ar an gcomhaireamh deiridh.

Chaill Kevin Humphreys ón Lucht Oibre a shuíochán anseo freisin.