I gCúirt Dúiche Inse, i gContae an Chláir inniu, ordaíodh don amhránaí clúiteach, Dolores O'Riordan, €6,000 a íoc le carthanais faoi ionsaí a dhéanamh ar Gharda ar bord eitleáin.

Dúirt an Breitheamh gur ghlac sé leis go raibh an-aiféala ar Dolores O'Riordan faoin méid a rinne sí agus nach mbeadh sé cóir í a chiontú i gcoir. 

Chualthas sa chúirt gur thug Dolores O' Riordan poc lena ceann do Gharda agus gur chaith sí seilí leis an nGarda chomh maith le linn don Garda iarracht a dhéanamh í a ghabháil. 

Rinne an Garda iarracht í a ghabháil i ndiaidh eachtra inar tháinig racht feirge ar Dolores O'Riordan agus í ar eitilt ó Nua Eabhrac ar an 10ú Samhain, 2014. 

Dúirt an t-amhránaí 44 bliain d'aois, atá dé-pholach le hoifigigh gur íocón agus Banríon Luimní a bhí inti.