Dhiúltaigh an Ard-Chúirt inniu d'iarratas Mhichael Lowry nach gcuirfí ar a thriail é faoi choireanna cánach.

Dúirt Michael Lowry go bhfuil sé chun dul i mbun achomhairc.

Mhaígh Michael Lowry ina iarratas go mbeadh an triail leatromach agus éagórach.

Mhaígh sé freisin go sáródh an triail a chearta bunreachtúla.

Bhí Michael Lowry ina Theachta Dála Neamhspleách sa Dáil dheireanach.

Baineann an cás seo le híocaíocht €372,000 a cuireadh i gcuntas bainc i Manainn sa bhliain 2002.

Rialaigh Coimisinéir Achomhairc anuraidh nach raibh aon dliteanas pearsanta cánach ar Mhichael Lowry de bharr na híocaíochta sin.

The outgoing Independent TD, Michael Lowry, has said he would be appealing, after he lost his High Court action to stop his prosecution on tax offences.  Mr Lowry is charged with deliberately filing incorrect tax returns, filing incorrect returns in relation to corporation tax and failing to keep proper books of account.