skip to main content

Dian chuardach i mBaile Átha Cliath mar chuid de fhiosrúchán dúnmharaithe David Byrne

Aonad armtha an Gharda Síochána páirteach i bhfiosrúchán faoi dhúnmharú David Byrne
Aonad armtha an Gharda Síochána páirteach i bhfiosrúchán faoi dhúnmharú David Byrne

Tá roinnt mhaith cuardach déanta ag gardaí i dtuaisceart Cho.Bhaile Átha Cliath i dtaca lena bhfiosrúchán faoi dhúnmharú David Byrne.

Tá tithe cónaithe agus áiteanna faoi ghlas cuardaithe ag breis is 100 garda ó tharla an dúnmharú breis is coicís ó shin.

Is ar Ceantar Chluain Tairbh agus an ceantar díreach ó thuaidh d'abhainn na Life atá an cuardach dírithe den chuid is mó.

Dúnmharaíodh David Byrne nuair a réab daoine in éide garda isteach in óstán an Regency i nDroim Conrach, tuaisceart Cho.Bhaile Átha Cliath. 

Óstán an Regency, an áit ar tharla an dúnmharú brúidiúil

Achrann idir buíonta coirpeacha ba chúis lena bhás.