skip to main content

Easaontóirí poblachtacha freagrach as ionsaí in óstán an Regency

Láthair an ionsaithe Dé hAoine
Láthair an ionsaithe Dé hAoine

Dúirt an grúpa easaontóirí poblachtacha, An tIRA Leanúnach gurb é a bhí freagrach as an ionsaí in óstán an Regency i dtuaisceart Cho.Bhaile Átha Cliath Dé hAoine seo caite.

Tá tuilleadh ionsaithe beartaithe aige ar "lucht drugaí agus coirpigh" a deir sé.

Maraíodh fear amháin, David Byrne agus goineadh beirt eile san ionsaí sin i Sórd.

David Byrne a dúnmharaíodh Dé hAoine seo caite

D'admhaigh An tIRA Leanúnach freagracht i ráiteas a thug sé do stáisiún craolta an BBC.

Dúirt sé gur lámhachadh David Byrne mar go ndúradh go raibh sé páirteach i ndúnmharú Alan Ryan i mBaile Átha Cliath 4 bliana ó shin.

Bhí Alan Ryan luaite leis an bhFíor IRA mar a thugann sé air féin.

Tá amhras á chaitheamh áfach ar ráiteas an IRA Leanúnaigh, mar go ndeirtear nach raibh aon bhaint ag Byrne le dúnmharú Alan Ryan.

Ionad seiceála socraithe ag na gardaí lámh le ceantar an Regency i Sórd.

Anuas ar sin tá comhartha ceiste ann faoin IRA Leanúnach dul i mbun díoltais ar son an ghrúpa phoblachtaigh eile, An Fíor IRA.

Dúirt an tAire Dlí is Cirt Frances Fitzgerald nach raibh aon fhaisnéis roimh ré ag gardaí faoin ionsaí sa Regency, ainneoin go raibh iriseoirí bailithe ann agus a fhios acusan go raibh coirpigh aitheanta san áit.

An tAire Frances Fitzgerald

"Ghlac bainistíocht an fhórsa cinneadh gan aon gharda a chur ar dualgas san ionad Dé hAoine" a dúirt an tAire.

Bhí meáchán do chomórtas dornálaíochta ar siúl san ionad ag an am.

Ach dúirt sí go raibh gardaí ar an láthair i bhfoisceacht 5 nóiméad d'am an ionsaithe.

Dúirt An tAire Fitzgerald go ndéanfaí gach a bhféadfaí, chun iad siúd a bhí freagrach a thabhairt chun na cúirte.

Dúirt sí gur chuir Coimisinéir an Gharda Síochána ar an eolas í go hiomlán faoin eachtra ar maidin inniu.

Thug sí le fios freisin go mbeadh an dara Cúirt Choiriúil Speisialta ag cur tús lena cuid éisteachtaí ar an 4ú Aibreán.

Shéan sí go raibh aon bhaint ag ganntan foirne sa Gharda Síochána leis an rath a bhí ar an ionsaí seo.