skip to main content

Dáil gan tromlach á tuuar ag pobalbhreith i nuachtán an 'Irish Times'

Tacaíocht Fhine Gael tite de réir na pobalbhreithe san 'Irish Times'
Tacaíocht Fhine Gael tite de réir na pobalbhreithe san 'Irish Times'

Léirítear i bpobalbhreith atá foilsithe i nuachtán an 'Irish Times' ar maidin gur Dáil gan tromlach an toradh a bheidh ar an olltoghchán ar an 26ú Feabhra.

Léirítear freisin méadú ar thacaíocht Fhianna Fáil agus laghdú ar thacaíocht Fhine Gael.

2% atá i gceist sa 2 chás.

Léiríonn pobalbhreith ISPSOS/MRBI san 'Irish Times' go bhfuil tacaíocht Fhine Gael anois ag 28% agus tacaíocht Fhine Gael ag 21%.

Laghdaigh tacaíocht Shinn Féin freisin 2%, 19% atá aigesan anois de réir na pobalbhreithe.

Níl aon athrú ar thacaíocht pháirtí an Lucht Oibre agus eisean ag 7%.

Tá 25% de thacaíocht ag iarrthóirí neamhspleácha agus dreamanna eile, sin ardú 2%.

Rinneadh an suirbhé Dé Luain agus Dé Máirt an tseachtain seo i ngach toghcheantar sa tír.