Dhiúltaigh an Ard-Chúirt ar maidin don dúshlán a thug Michael Lowry in aghaidh chinneadh Bhinse Fiosraithe Moriarty gan dhá thrian dá chuid costas faoin bpáirt a ghlac sa bhinse a íoc.
Bunaíodh Binse Moriarty sa bhliain 1997 chun fiosrúchán a dhéanamh ar íocaíochtaí a tugadh don Teachta Dála Lowry, ar iar-Aire Rialtais de chuid Fhine Gael é, agus don iar-Thaoiseach Charles Haughey.
Ag éisteacht i mí na Samhna seo caite, dúirt dlíodóirí Michael Lowry go raibh na costais a bhí air ábhalmhór agus gur roinnt milliún euro a bhí i gceist.
Mhaígh Michael Lowry go raibh cinneadh Bhinse Moriarty gan dhá thrian dá chuid costas a íoc leatromach, díréireach agus éagórach.
Ina rialú san Ard-Chúirt ar maidin, áfach, dúirt an Breitheamh John Hedigan gur cinneadh cóir agus réasúnach a bhí ann. Dhiúltaigh sé do gach gné d'iarratas Michael Lowry.
Tá sé deimhnithe ag Michael Lowry go ndéanfaidh sé achomharc.