skip to main content

An t-aisteoir iomráiteach Alan Rickman tar éis bháis

Alan Rickman
Alan Rickman

Tá an t-aisteoir iomráiteach as an mBreatain Alan Rickman tar éis bháis. Bhí sé 69 bliain d'aois. Ailse ba thrúig bháis dó.

Bhain Alan Rickman cáil amach mar aisteoir ar an stáitse agus ar an teilifís. Is aige a bhí páirt Eamon de Valera i scannán Neil Jordan 'Michael Collins'.

Is aige a bhí an phríomhpháirt freisin i léiriú den dráma 'John Gabriel Borkman' in Amharclann na Mainistreach sa bhliain 2010.