Tá ceannaire an DUP Arlene Foster daingnithe mar Chéad-Aire an Tuaiscirt.

Is í an duine is óige riamh í sa phost agus an chéad bhean a bhfuil na dualgais curtha uirthi.

Feisire Tionóil ó Cho. Fhear Manach í Arlene Foster, 45 bliain d'aois.

Tagann sí i gcomharbacht ar Peter Robinson.

Dúirt Peter Robinson inniu go raibh lán-mhuinín aige as Arlene Foster agus go mbeadh todhchaí an Chomhthionóil agus an proiséas síochána slán sábháilte faoina stiúir.

Ina aitheasc deiridh mar Chéad-Aire os comhair an Chomhthionóil inniu, dúirt an tUasal Robinson go raibh dul chun cinn mór déanta sa bpolaitíocht i dTuaisceart Éireann agus go raibh ré nua anois sa réigiún.

Bhí LeasChéad-Aire an Tuaiscirt, Martin McGuinness, Sinn Féin; ceannaire an SDLP, Colum Eastwood; agus ceannaire pháirtí an Alliance, David Ford ar aon fhocal inniu le Peter Robinson.