Tá omós á léiriú don amhránaí cáiliúil David Bowie atá básaithe.

69 bliain d'aois a bhí sé agus bhí sé ag fulaingt na hailse le 18 mí.

Bhí tionchar mór aige ar thionscail an cheoil agus na hamhránaíochta le breis is 50 bliain.

Cuimhneofar go speisialta air i mbun cantaireachta ar "Lets Dance", "Heroes" agus "Under Pressure", amhráin a chum sé féin.

Tháinig an dlúth cheirnín deiridh leis, Blackstar amach Dé hAoine seo caite.

Dúirt Príomh-Aire na Breataine David Cameron go raibh David Bowie ina mháistir ar an athnuachan, agus gur mhinic leis é a chleachtadh go paiteanta.

Dúirt an t-aisteoir Russell Crowe go raibh sé ar dhuine de na ceoltóirí ab fhearr a bhí ann.

Rinne an scríbhneoir agus an craoltóir John Kelly cur síos air mar dhuine a bhí cliste, léannta agus gur mhór le daoine a chuid ceoil agus amhránaíochta.

Dhearbhaigh mac David Bowie, Duncan Jones i ráiteas gur bhásaigh sé agus a theaghlach uilig timpeall air i Nua Eabhrac.