Tá Christy O'Connor Jnr. ar shlí na fírinne. Cailleadh aréir é sa Spáinn. Bhí sé 67 bliana d'aois.
Bhí cáil ar mar ghalfaire cumasach a bhain 4 chomórtas ar chamchuairt na hEorpa - comórtas Oscailte na hÉireann i 1975 ina measc.
Buille buacach Chorn Ryder 1989 in aghaidh Fred Couples ar chúrsa an Belfry
D'imir sé faoi dhó le foireann na hEorpa i gcomórtas Ryder agus áirítear buille a bhuail sé ar an 18ú poll sa Belfry ar bhuile maraithe na muice agus a bhuaigh an comórtas don Eoraip.
Bhain sé cáil amach mar dhearthóir ar chúrsaí gailf ar fud na hÉireann agus na Mór Roinne freisin. Ina measc siúd ar fhág sé a lorg, bhí cúrsa Thuaim, Gort Ínse Guaire, Galway Bay, Beanntraí, Esker Hills agus Fota.
Ainéaras inchinne a tuairiscítear a bhain dó.