skip to main content

Cailleadh galfaire aitheanta na hÉireann, Christy O'Connor Jnr. sa Spáinn aréir

Christy O'Connor Jnr. ar shlí na fírinne. Bhí sé 67 bliana d'aois
Christy O'Connor Jnr. ar shlí na fírinne. Bhí sé 67 bliana d'aois

Tá Christy O'Connor Jnr. ar shlí na fírinne. Cailleadh aréir é sa Spáinn. Bhí sé 67 bliana d'aois. 

Bhí cáil ar mar ghalfaire cumasach a bhain 4 chomórtas ar chamchuairt na hEorpa - comórtas Oscailte na hÉireann i 1975 ina measc. 

Buille buacach Chorn Ryder 1989 in aghaidh Fred Couples ar chúrsa an Belfry

D'imir sé faoi dhó le foireann na hEorpa i gcomórtas Ryder agus áirítear buille a bhuail sé ar an 18ú poll sa Belfry ar bhuile maraithe na muice agus a bhuaigh an comórtas don Eoraip. 

Bhain sé cáil amach mar dhearthóir ar chúrsaí gailf ar fud na hÉireann agus na Mór Roinne freisin. Ina measc siúd ar fhág sé a lorg, bhí cúrsa Thuaim, Gort Ínse Guaire, Galway Bay, Beanntraí, Esker Hills agus Fota. 

Ainéaras inchinne a tuairiscítear a bhain dó.