Tá an tArm faoi réir le teacht i gcabhair ar dhaoine i ndeisceart Mhaigh Eo agus tuilleadh fuarlach geallta ansin as seo go dtí Dé Sathairn.
Tá caidéil curtha ag obair i gceantar Chonga ó mhaidin inné mar go bhfuil an abhainn ansin ag dul thar a bruach. Tá muintir na háite ag ullmhú don bháisteach throm atá geallta ar an deireadh seachtaine.
B’éigean 48 duine a thabhairt as teach altranais i mBéal Easa go luath ar maidin nuair a chuaigh Abhainn na Muaidhe thar a bruach.
I gceantar na hÉille, tá suas le 100 duine sáinnithe i gceithre bhaile le dhá lá de bharr na báistí. Agus tá an t-uisce i gCathair Niocóil ardaithe troigh ó inné.
Tá an tArm i mbun oibre go fóill san iardheisceart agus i lár tíre agus iad ag cuidiú leis na hiarrachtaí dul i ngleic leis na tuilte sna réigiúin sin.
Tá foirne éigeandála curtha amach ag Comhairle Contae na hIarmhí le cúnamh a thabhairt do dhaoine a bhfuil a gcuid tithe i mbaol ó chuaigh an tSionainn thar a bruach i mBaile Átha Luain aréir.
Meastar go bhféadfadh an t-uisce dul isteach i suas le 100 teach ar an mbaile as seo go ceann cúpla lá.

Áth Luain
I gCo an Chláir, b'éigean roinnt daoine a thabhairt amach as a dtithe i gCluain Lára ainneoin iarrachtaí móra an t-uisce a choinneáil amach astu.
Deir Bord Soláthair an Leictreachais go mbeidh tuilleadh uisce á scaoileadh amach as an taiscumar in Inis Cara ar Abhainn na Laoi i gCo Chorcaí as seo go ceann seachtaine le leibhéal an uisce ansin a ísliú. Deir an comhlacht go bhfuil an baol ann go mbeidh bóithre agus talamh síos an abhainn faoi uisce mar gheall ar an sceitheadh.
Tá baol tuilte i nDroichead na Bandan iarthar Chorcaí arís freisin.
Deir Met Éireann nach dtitfidh an oiread báistí inniu, ach go ndéanfaidh sé an díle arís i ndesiceart na Mumhan ar an deireadh seachtaine agus an tseachtain seo chugainn.