Fear óg, 23 as cathair Strasbourg in oirthuaisceart na Fraince atá aitheanta mar an tríú buamálaí a rinne ionsaí ar cheoláras an Bataclan, áit ar maraíodh 90 duine as 130 san iomlán a maraíodh in ionsaithe sceimhlitheoireachta ar an 13ú Samhain.

Ainmníodh é mar Foued Mohamed Aggad. De réir foinse atá ag plé leis an bhfiosrúchán, thaistil Aggad, a dheartháir i dteannta grúpa chun na Siria i 2013 agus bíodh is gur gabhadh formhór an bhuínn nuair a fhill siad ar an Fhrainc anuraidh, d'fhan Aggad sa tSiria.

Tá a dheartháir Karim, a bhí sa tSiria freisin i bpriosún sa bhFrainc. Maraíodh 130 duine san eachtra uafáis, 90 acu a bhí ag freastal ar cheolchoirm sa Bataclan ar oíche Aoine an 13ú Samhain.