Caithfidh aon iarrthóir a bheidh san iomaíocht sa gcéad olltoghchán eile i nDáilcheantar Ghaillimh Thiar agus Deisceart Mhaigh Eo tús áite a thabhairt d'Ospidéal Ollscoile na Gaillimhe agus don aonad Timpístí agus Éigeandála ansin, a dúirt John Connolly, duine d'iarrthóirí Fhianna Fáil le RTÉ RnaG.
Ag an deireadh seachtaine thug altraí atá ag obair san ospidéal le fios go bhfuil an oiread brú ar an Aonad Timpístí agus Éigeandála 's go bhfuil cúram leighis dá chur ar dhaoine fásta in Aonad a tógadh go speisialta le freastal a dhéanamh ar ghasúir.
In agallamh don chlár Adhmhaidin, deir John Connolly go dteastaíonn infheistíocht a dhéanamh anois in Aonad Timpístí agus Éigeandála an ospidéil agus nach leor don Taoiseach ná don Aire Sláinte a bheith ag géilleadh sa Dáil nach bhfuil an t-aonad feiliúnach beag ná mór.