skip to main content

Togra nua foclóireachta beartaithe ag Foras na Gaeilge ar chostas €12.5m

Togra nua foclóireachta, luach breis is €12.5m beartaithe ag Foras na Gaeilge.
Togra nua foclóireachta, luach breis is €12.5m beartaithe ag Foras na Gaeilge.

Tuigtear go bhfuil togra nua foclóireachta á bheartú ag Foras na Gaeilge.

Áirítear go gcosnóidh sé €12.5m ar fad.

Faoin togra nua bheadh sé i gceist 2 fhoclóir nua a chur le chéile, foclóir Gaeilge-Béarla agus foclóir Gaeilge- Gaeilge.

Tuigtear go bhfuil sé i gceist corpas na Gaeilge a mhéadú ó 30 milliún focal go dtí 250 milliún focal.

Togra 7 mbliana a bheadh ann ina n-earcófaí 35 duine.

Bheadh postanna lán-aimseartha agus páirt-aimseartha i gceist. 

Bheadh súil go dtosnófaí ar an obair an bhliain seo chugainn agus go mbeadh an 2 fhoclóir nua ar fáil faoin mbliain 2023.