skip to main content

Cúirt ar leith do theaghlaigh ar mhaithe le príobháideachas, de dhíth-Susan Denham

An Breitheamh Susan Denham (ar chlé) i dteannta Carol Coulter
An Breitheamh Susan Denham (ar chlé) i dteannta Carol Coulter

Dúirt an Príomh-Bhreitheamh Susan Denham arís inniu gur cheart Cúirt ar leith do theaghlaigh a bhunú a thabharfadh níos mó príobháideachais do theaghlaigh a bhfuil trioblóidí acu.

Ba ag seoladh tuarascála, a d'fhoilsigh Coiste ar Dhlí Cúram Leanaí, a bhí an Breitheamh Susan Denham.

Cáintear sa tuarascáil cúirteanna plódaithe a mbíonn easpa príobháideachais iontu agus a chuireann brú mór ar na daoine a bhíonn os comhair na cúirte.