Raidhfilí AK47 faighte sa Seat dubh a bhí ina charr éalaithe ag na hionsaitheoirí
Triú deartháireacha páirteach sna hionsaithe, duine díobh marbh, duine gafa agus an tríú duine ar a choimeád.
Tuairiscí gur mian leis an Uachtarán Hollande an staid éigeandála a shíniú amach go ceann trí mhí.
Pictiúr agus foláireamh eisithe faoi Shalah Abdeslam, duine a bhfuil amhras air bheith i measc na n-ionsaitheoirí.
Triúr ionsaitheoirí aitheanta anois ina saoránaigh de chuid na Fraince.
Duine díobh sin é Ismael Mostefai fear 29 mbliana, a aithniodh ó mhéarlorg ar mhéar a gearradh de nuair a mharaigh sé é féin i pléascán in amharclann an Bhataclan.
Tá gaolta Mhostefai á gceistiú agus 2 theach cónaithe dá gcuid á gcuardach.
Trí bhuíon ionsaitheoirí i gcomhar lena chéile a d'eagraigh agus a chuir i gcrích na ionsaithe.
Ba iad ionsaithe na hAoine an eachtra sceimhlitheoireachta ba mheasa san Eoraip ó maraíodh 192 duine i mbuamáil traenach Mhadrid i 2004.
Tá súil go mbeidh formhór na marbh aitheanta faoi dheireadh an lae inniu, Dé Domnaigh.
Sa Bheilg a tógadh ar cíos an dá charr a úsáideadh.
129 an líon daoine a bhásaigh Dé hAoine, 89 díobh sin ar a laghad sa sléacht sa Bhataclan, agus an tuairim is 40 eile ag 5 láthair eile sa chathair.
Bhí daoine ó thíortha éagsúla ar fud an domhain i measc na marbh, roinnt mhac léinn ina measc.