Dhearbhaigh an Roinn Comhshaoil go n-iarrfar ar údaráis áitiúla na tíre measúnú a dhéanamh ar ionaid lucht siúil go náisiúnta.
Is ar mhaithe le bainistiú riosca agus le contúirtí a aithint atá seo á dhéanamh.
Dúirt Stiúrthóir Ghluaiseacht an Lucht Siúil, Brigid Quilligan gur chóir aon iniúchadh den chineál seo a dhéanamh go neamhspleách.
Dúirt sí go bhfuil ceisteanna tromchúiseacha le freagairt i bhfianaise na tine inar bhásaigh deichniúr i gCarraigh Mhaighin i gCo. Bhaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine.
Dúirt sí go raibh a fhios acu go raibh contúirt ann i gcónaí go bhféadfadh rud éicint mar seo tarlú mar gheall go bhfuil plódú ar roinnt mhaith de na láithreacha ach nach raibh aon duine ag cuimhniú go bhféadfadh sé a bheith chomh dona.
Thug sí le fios gur cuireadh €50m ar fáil le haghaidh tithíocht don lucht siúil ach nár úsáid na húdaráis áitiúla an t-airgead.