Tá Leabhar Comhbhróin oscailte i dTeach an Ard-Mhéara ag Méara Bhaile Átha Cliath Críona Ní Dhálaigh don deichniúr a bhásaigh sa dóiteán i gCarraig Mhaighin ag an deireadh seachtaine.
Leanfaidh foirne dlí-eolaíochta na nGardaí ag déanamh scrúduithe inniu ar smionagar an dá áras soghluaiste a dódh. 
Láthair an dóiteáin, Carraig Mhaighin
Tá iniúchadh sábháilteachta dóiteáin iarrtha ag Críona Ní Dhálaigh ar gach láithreán staid de chuid an lucht siúil i gcathair Bhaile Átha Cliath i bhfianaise na tragóide. Dúirt sí gur chóir iniúchadh mar seo a dhéanamh i ngach contae sa tír.
Dúirt an Taoiseach Enda Kenny go mbeidh brataí ar fhoirgnimh phoiblí ar leathchrann nuair a bheas sochraidí an deichniúir ar bun.