Bronnadh an cheadúnas ar Shell ach le raon coinníollacha maidir lena úsáid. Bhí ar an gcomhlacht iarratas as an nua a dhéanamh leis an EPA nuair a dhiúltaigh an Chúirt Tráchtála dá gceadúnas i nDeireadh Fómhair 2013.
Tharla san toisc goisc gur loic ar a measúnacht tionchair timpeallachta. Ciallaíonn an chinneadh is déanaí ón EPA nach mbeidh gá feasta ach le ceadúnas Aireachta le gur féidir le Tobar Gáis na Coiribe a gcuid gáis a thabhairt i dtír.
Dúirt an comhlacht go bhfuil súil acu gás a thabhairt i dtír roimh dheireadh na bliana.