skip to main content

Cruinniú ag Aire Stáit na Gaeltachta le Coláiste Lurgan i gConamara

Coláiste Lurgan, Cois Fharraige, Co na Gaillimhe
Coláiste Lurgan, Cois Fharraige, Co na Gaillimhe

Tá Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh sásta cruinniú a bheith aige le bainisteoir Choláiste Lurgan i gConamara Micheál Ó Foighil le cás an choláiste a phlé leis. Deir Micheál Ó Foighil go bhfuil obair athchóirithe ag teastáil go géar ón gcoláiste.

Dúradh go mbeadh an tAire Stáit sásta an cruinniú a reáchtáil i ráiteas a d'eisigh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta mar fhreagra ar an méid a mhaígh Micheál Ó Foighil inné go bhfuil an Roinn ag cothú fadbhanna d'aon turas don choláiste.

Dúradh i ráiteas na Roinne gurbh iad lucht Choláiste Lurgan féin a chuir in iúl ag cruinniú i mí Eanáir na bliana seo go ndéanfaidís an obair athchóirithe ar fad sa choláiste ar mhaithe le cúrsaí sláinte agus sábháilteachta. Sin tar éis don Roinn a chur in iúl, a dúradh, go mbeadh trí nó ceithre bliana ag na coláistí leis an obair a dhéanamh.

Tuigtear don Roinn, a dúradh sa ráiteas, go bhfuil €50,000 ceadaithe ag Údarás na Gaeltachta don obair.

Maítear ann go gcaitear mar a chéile le gach coláiste agus go bhfuil sé ráite sna rialacháin go bhfuil dualgas ar choistí stiúrtha na gcoláistí a chinntiú go bhfuil an chóiríocht cheart ar fáil dá gcuid scoláirí.