skip to main content

Ruathair aeir arís inniu ón Rúis ar an tSiria don dara lá

Ruathair aeir ón Rúis
Ruathair aeir ón Rúis

Thug an Rúis le fios go bhfuil ruathair déanta ag a cuid eitleán cogaidh don dara lá as a chéile in aghaidh spriocanna sa tSiria.

Thug aireacht cosanta na Rúise le fios gur ar an Stát Ioslamach a bhí na hionsuithe ón aer dírithe.

Tá tuairiscí eile ag teacht gur ag trodairí eile, seachas an Stát Ioslamach, a bhí na hionaid a hionsaíodh, trodairí atá in aghaidh an Stáit Ioslamaigh agus Rialtas na Siria.

Tuairiscítear gur mharaigh na hionsaithe 36 duine, páistí ina measc.