Tá cosaint déanta ag rialtas na hAraibe Sádaí ar a bhainistiú ar oilithreacht Haj go cathair Mecca, inar maraíodh os cionn 700 duine.
B'amhlaidh a brúadh i mullach a chéile iad.
Tá fiosrúchán iomlán ordaithe ag Rí na hAraibe Sádaí, Salman faoin mbealach a n-eagraítear an oilithreacht bhliantúil.
Dúirt an Rialtas ansin gur bhraith sé go raibh a locht fhéin ar roinnt oilithreach ansin mar nár lean siad treoracha faoi mar ba cheart dóibh.
Dúirt ardrúnaí na Náisiún Aontaithe, Ban Ki Moon, go raibh súil aige go gcuirfí an cúnamh a theastaíonn uathu ar fáil do chuile dhuine atá ag fulaingt de bharr na tragóide.
Deir Rialtas na hIaráine gur chóir don Araib Shádach freagracht iomlán a ghlacadh as ar tharla.