D'fhógair Leas-Phríomh-Aire na Poirtingéile, Paulo Portas agus an comhlacht eagraithe go bhfuil an Comhdháil idirnáisiúnta Greasáin (Web Summit) le bogadh ó Bhaile Átha Cliath go Liospóin na Poirtingéile ar feadh 3 bliana ar a laghad.
Dúirt an Taoiseach go bhfuil súil aige go bhfillfidh an chomhdháil ar Éirinn go gairid arís, agus go gcaithfidh údaráis éagsúla feabhsú ar mhaithe le himeachtaí sa todhchaí. Bhí an Taoiseach ag labhairt ag an gComórtas Treabhadóireachta i gContae Laoise

Paddy Cosgrave leis an Taoiseach ag oscailt na Comhdhála anuraidh
Dúirt bunaitheoir na Comhdhála, Paddy Cosgrave gur fhás an chomhdháil níos mó agus níos tapúla ná mar a bhí sé féin nó a chomhbhunaitheoirí ag súil leis ó cuireadh ar bun í 5 bliana ó shin.
Cháin sé an caighdeán íseal leathanbhanda i mBaile Átha Cliath freisin, i gcomhthéacs gur acmhainn bhunúsach é dá leithéid d'imeacht.
Léirigh sé a mhíshástacht le hostáin na hardcathrach freisin á rá gur ardaigh siad a bpraghasanna gach bliain don tseachtain inar tionóladh an Chomhdháil.