Tá cruinniú mullaigh Eorpach ar ghéarchéim na dteifeach á lorg ag ceannairí na Gearmáine agus na hOstaire tar éis don Ungáir staid éigeandála a fhógairt.
Cruinniú mullaigh Eorpach ar ghéarchéim na dteifeach á lorg ag ceannairí na Gearmáine agus na hOstaire
Tá dlíthe nua tagtha i bhfeidhm san Ungáir agus tá cead anois ag póilíní imircigh atá ag teacht isteach sa tír go neamhdhleathach a ghabháil.
Cuireadh fál sreinge in airde inné chun stop a chur leis na mílte imirceach teacht isteach san Ungáir as Seirbia. Tugann na dlíthe nua cead do phóilíní aon nduine a ghabháil agus iad ag iarraidh a mbealach a dhéanamh isteach san Ungáir.
As seo amach tá póilíní ag cuir imircigh i dtreo pointí trasnaithe agus i dtreo ionaid chlárúcháin. Tá brú anois ar theifigh a theastaíonn uathu dul isteach san Ungáir é sin a dhéanamh ag ceann de na seicphointí oifigiúla seo.
Is fadhb don Aontas Eorpach uilig í seo a dúirt Seansailéir na Gearmáine Angela Merkel.
Tá staid éigeandála fógartha ag an Ungáir. Dúirt na húdaráis sa tír sin go bhfuil os cionn 200,000 teifeach agus imirceach tar éis a mbealach a dhéanamh isteach sa tír i mbliana. Tháinig 9,000 duine isteach inné.
Cuireadh fál sreinge in airde chun stop a chur leis na mílte imirceach teacht isteach san Ungáir as Seirbia.
Ag labhairt do ar an stáisiún teilifíse TV2 dhiúltaigh Príomh-Aire na hUngáire Viktor Orban mórán a rá faoi an bhfuil sé i gceist ag a thír páirt a ghlacadh in athlonnú na dteifeach nó campa fadtéarmach do theifigh a bhunú.
Tá iarrtha ag an bPríomh-Aire ar na húdaráis ag an teorainn líon na dteifeach a laghdú. Dúirt Viktor Orban go bhfuil cosc ar aon nduine teacht trasna na teorann ach amháin ag na pointí trasnaithe. Cuirfear comharthaí in airde ag cur in iúl do dhaoine cá bhfuil na pointí trasnaithe sa cheantar chun do bhféadfaidh lucht iarrtha tearmainn iarratas a dhéanamh a deir Príomh-Aire na hUngáire.