Deir póilíní san Ungáir go bhfuil tús curtha acu le fiosrúchán éigeandála i bhfianaise físeán atá tagtha chun cinn, a speáineann beatha á chaitheamh le teifigh i gcampa i ndeisceart na tíre.
Deir an eagraíocht Human Rights Watch go bhfuil na campaí i ndroch chaoi.
Tá ard-mholadh tugtha ag Príomhaire na hUngáire do na póilíní, ag rá go bhfuil sár-obair á dhéanamh acu.
Campa teifeach i Roszke atá i gceist.
Tá cíor-thuathail ar an mbaile ó tháinig na mílte teifeach agus imirceach isteach ann le roinnt seachtainí.
Deir sé go bhfuil na háiteacha brocach, agus á gcur thar maoil, go bhfuil tart agus ocras ar dhaoine agus nach bhfuil cóir leighis á fáil acu.
Dúirt Uachtarán Chomhairle na hEorpa Donald Tusk go n-eagróidh sé comhdháil éigeandála níos déanaí an mhí seo muna dtiocfar ar réiteach go luath.
Idir an dá linn tá sé ráite leis na húdaráis san Ungáir a bheith ag súil le 40,000 teifeach eile as seo go ceann seachtaine.
Agus inniu san Ostair dúnadh mótarbhealach i ndiaidh do líon mór teifeach iarracht a dhéanamh a mbealach a dhéanamh chuig an bpríomhchathair, An Vín.
Bhí na teifigh ag trasnú ó theorainn na hUngáire.
Pléadh géarchéim na dteifeachag cruinniú d'airí an Aontais Eorpaigh i bPrág inniu.
Tá na mílte teifeach fós ag taisteal ó thuaidh ón nGréig, ach tá báisteach throm ag déanamh an aistir níos dúshlánaí.