Dúirt an tAire Dlí is Cirt Frances Fitzgerald go gcuirfidh an tír seo fáilte roimh 4,000 teifeach faoi Chlár Chosanta Teifeach na hÉireann.Tá an 600 duine a bhí luaite roimhe seo san áireamh sa bhfigiúr seo.  

Tógadh an cinneadh ag cruinniú rialtais speisialta ar ghéarchéim na dteifeach ar maidin.

Tá pleananna ar bun anois le lóistín agus le seirbhísí cuí a fháil do na teifigh a thiocfaidh go hÉirinn.

Dúirt an tAire Frances Fitzgerald go mbainfidh an Rialtas anseo an úsáid is fearr as tairiscíntí ón bpobal in Éirinn. Tá leithdháileadh buiséid déanta chun tús a chur leis an bpróiseas.

Le gairid dúirt an t-Uachtarán Micheal D. Higgins go gcreideann sé go bhfuil muintir na hÉireann ag iarraidh a gcion féin a dhéanamh le dul i dtreo réiteach a fháil ar ghéarchéim na dteifeach. Dúirt an t-Uachtarán freisin nár chóir go mbeadh faitíos ar dhaoine go dtiocfaidh líon mór teifeach isteach sa tír seo mar go bhfuil siad ag teitheadh ó ghéarleanúint, ó sclábhaíocht agus ó smugláil.